Cumann Gaelach Ard Mhic Nasca
(Holywood Irish Society)
Tá Ard Mhic Nasca suite ar an chósta ó dheas de Loch Lao, leath bhealaigh idir Béal Feirste agus Beannchar. Thar na blianta siar bhí baint leanúnach idir an baile agus an Ghaeilge. I measc na náitreabhach tá siad seo le cuntas: an Dr Samuel Bryson, an scríobhaí Gaeilge; a dhearthair an tOirmh. Aindrias Bryson; Dr St Clair Boyd, céad Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste; Rosamund Praeger, dealbhóir agus ball díograsach den Chonradh; An tOirmhinneach John Crozier, ball eile den Chonradh agus sa deireadh Ardeaspag de chuid Eaglais na hÉireann ar Dheoise Ard Mhacha; An Moinsíneoir Ó Laibheartaigh, staraí Dhún agus Conaire; Pádraig Mac Con Midhe; an tAthair Pádraig Mac Caomhanaigh, úrscéalaí Gaeilge, faoin ainm cleite Pádraig Uiséir; Bertha Geddis, a bhí in a crann taca don Chraobh ar feadh blianta fada. Níl anseo ach gearrliosta.
Bunaíodh an Craobh in 1902 faoi stiúr a Mhoins. Uí Laibheartaigh.
Sa bhliain 1921 biad seo na hoifigigh:
Uachtarán: P. J. MacLaverty
Cisteoir: Hugh Mac Devitt
Rúnaí: Pádraig Mac Namee
I láthair na huaire tá cúram reáchtála na Craoibhe faoi chúram:
Uachtarán: Micheál Mac Grianna
Rúnaí: Eibhlín Mhic Dhómhnaill
Rúnaí Cúnta: Brenda Uí Bhléine
Cisteoir: Ruairí Ó Bléine